Barr > TREORACHA SÁBHÁILTEACHTA > TREORACHA RABHAIDH > Cuisneán

Cuisneán

Ginearálta

  • Ná húsáid ach an cuisneán sonraithe ar lipéad an aerchóiritheora.

  • Ná húsáid cuisneáin neamhdheimhnithe.

  • Ná cuir aer nó gás isteach sa chóras seachas an cuisneán sonraithe.

  • Ná teagmhaigh leis an gcuisneán sceite le linn suiteála ná deisithe.

  • Cinntigh go seiceáiltear an bhfuil sceitheanna cuisneáin ann tar éis an táirge a shuiteáil nó a dheisiú.

  • Ní mór an gléas a stóráil ar chaoi nach dtarlóidh damáiste meicniúil dó.

R32 Amháin

  • Aon duine a bhfuil baint aige/aici le hobair ar chiorcad cuisneáin nó le briseadh isteach i gciorcad cuisneáin, ba cheart deimhniú bailí reatha a bheith aige/aici ó údarás measúnúcháin atá creidiúnaithe ag an tionscal, ar deimhniú é lena n-údaraítear inniúlacht an duine sin cuisneáin a láimhseáil go sábháilte i gcomhréir le sonraíocht mheasúnúcháin atá aitheanta ag an tionscal.

  • Ní dhéanfar seirbhísiú ach amháin mar a mholann an monaróir trealaimh. Aon chothabháil agus deisiú a éilíonn cúnamh ó phearsanra oilte, déanfar é eile faoi mhaoirseacht an duine atá inniúil ar chuisneoirí inlasta a úsáid.

  • Stórálfar an gléas i limistéar dea-aeráilte ina bhfreagraíonn méid an tseomra d’achar an tseomra mar a shonraítear lena oibriú.

  • Ní mór aon oscailtí riachtanacha aerála a choinneáil saor ó bhac.

  • Ní mór an gléas a stóráil i seomra gan lasracha oscailte (mar shampla gléas gáis atá ar siúl) ná foinsí adhainte (mar shampla téitheoir leictreach atá ar siúl) a bhíonn ar siúl go leanúnach.