Bain na cadhnraí mura n-úsáidfear an cianrialtán ar feadh tréimhse fhada.
Ná measc cineálacha éagsúla cadhnraí, ná seanchadhnraí agus cadhnraí nua, sa chianrialtán.
Ná déan na cadhnraí a athluchtú nó a bhaint óna chéile.
Scoir d'úsáid an chianrialtáin má tá sreabhán ag sceitheadh ón gcadhnra. Má nochtar d’éadaí nó do chraiceann don sreabhán cadhnra sceite, nigh le huisce glan iad.
Má shlogadh an sreabhán cadhnra sceite, sruthlaigh an taobh istigh den bhéal go hiomlán agus faigh comhairle ó dhochtúir.
Diúscair na cadhnraí in áit nach bhfuil aon bhaol dóiteáin.